As Gaeilge

Féile Peile Chaisleán an Bharraigh 9s

Bígí linn i rith na Cásca le haghaidh ár gcéad Comórtas Peile naonár an taobh, ar siúl i gCaisleán an Bharraigh, croílár na peile sa cheantar don deireadh seachtaine. Lonnaithe díreach in aice le Páirc Mhic Éil, geallfar eachtraí gaile agus gaisce do na peileadóirí agus lucht féachana araon.

Foireann ban ag ceiliúradh
Imreoirí ag dul suas don liathróid
Imreoir ag rith leis an liathróid
Imreoir ag ciceáil
An Pheil

Comórtas den Chéad Scoth

Glac páirt i gcathanna móra ar an bpáirc le foirne ó fud na tíre, ag léiriú na scileanna iontacha atá acu, anseo i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Struchtúr ar Leith. Ciallaíonn an struchtúr spreagúil seo go mbeidh naonúr imreoirí ar an bpáirc ag aon am amháin, le hionadaí rollacha ceadaithe isteach, chun peil dearfach agus ionsaithe a chur chun cinn.

Fir agus Mná. Tá rud éigin ann do gach duine, idir peil na bhfear agus peil na mban. Beidh, ar a laghad, trí chluiche ag gach foireann ar an Satharn agus cluiche amháin ar an Domhnach.

Neartú Foirne. Cruthaigh cairdeas nua agus neartaigh meon na foirne. Ní hamháin faoin bpeil atá an deireadh seachtaine seo ach; faoi spiorad na foirne, an pobal agus ár ngrá don Pheil Ghaelach a roinnt lena chéile.

Slua ag ceolchoirm san ollphuball
Siamsóir ar an stáitse
Lucht leanúna ag an ollphuball
Lucht leanúna cois páirce
An Fhéile

Ócáid Mhór de Cheoil Beo

Déan ceiliúradh ar na buanna agus bí ag damhsa go maidin leis an gceol beo a bheas ar siúl. Beidh idir amhránaíocht ar an sean-nós agus grúpaí ceoil tradisiúnta le cloisteáil, rachaidh an ceol go huile is go hiomlán le déine na himeartha.

Ollphuball na Féile. Is é croílár an Chomórtais ná hOllphuball na Féile. Beag beann ar shoineann ná ar dhoineann, beidh gach rud ar siúl san ollphuball ó bhronnadh na duaiseanna go teacht le chéile sóisialta agus bríomhar.

Spraoi don Chlann Ar Fad. Ní hamháin d’imreoirí peile atá an ócáid seo. Tabhair leat an chlann ar fad agus bíodh lá spraoíúil agaibh lena chéile. Beidh imeachtaí speisialta ar fáil do na gasúir agus beidh cuimhní iontacha déanta agaibh.

An Meal, Caisleán an Bharraigh
An Sportlann
Na páirceanna ón aer
Beár An Sportlann
An Baile

Caisleán an Bharraigh

Is é Caisleán an Bharraigh príomhbhaile Chontae Mhaigh Eo, áit le saibhreas stairiúla agus beocht nua-aimseartha. Is baile ollscoile é Caisleán an Bharraigh, le go leor le hofráil idir gníomhaíochtaí, oideachas, cultúr agus caitheamh aimsire.

Bíonn go leor siamsaíocht ar siúl san oíche anseo chomh maith, ó phubanna go clubanna. Maidir le lóistíní, tá áit feiliúnach ann do gach duine ag brath ar céard atá uait, b’fhéidir B&B gleoite nó ceann de na hóstáin atá timpeall na háite.